Guinness Storehouse Logo
Close

AN BHFUIL TÚ DÉANTA DE NÍOS MÓ?

Close

I 1759, rinne Arthur Guinness cinneadh teanntásach nuair a shínigh sé léas 9,000 bliain ar shuíomh na grúdlainne ag Geata San Séamas i mBaile Átha Cliath, rud a chur tús le ceann de na brandaí Éireannacha is íocónaí agus a thaitin is mó le daoine, is é sin GUINNESS®

Sa bhliain 2000, bhí fís theanntásach chosúil ag Guinness: an GUINNESS STOREHOUSE® a chruthú, eispéireas branda den chéad scoth.

15 bliain ina dhiaidh sin, chuir an Guinness Storehouse fáilte roimh níos mó ná 15 milliún cuairteoir, rud a thugann stádas daingean dó mar an príomhní is díol spéise do chuairteoirí in Éirinn, agus le déanaí bronnadh an teideal den Príomh-Ní is Díol Spéise do Thurasóirí na hEorpa ag Dámhachtainní Taistil an Domhain. An bhfuil an mianach agat páirt a ghlacadh sa phríomhní is díol spéise do chuairteoirí in Éirinn?

cuir isteach anseo

TÁ BUA IONTACH AG TEASTÁIL Ó BHRANDA IONTACH

Tá an Guinness Storehouse ann chun fáilte a chur roimh chuairteoirí ar thuras dodhearmadta go croílár Guinness; beoir atá déanta de níos mó. Tá daoine fíorthábhachtach d'fhonn an t-eispéireas seo a sheachadadh agus tá an Guinness Storehouse ag lorg daoine atá déanta de níos mó ar bhun gníomhach: níos mó anama; níos mó bróid; níos mó bua agus níos mó cúirtéise. Cuirtear le chéile go cúramach acmhainneacht aonair agus oiriúnacht chultúrtha. Tá an cultúr sin forásach, uileghabhálach agus cumasaithe agus déantar a ndícheall chun a chinntiú go mbraitheann na cuairteoirí agus na baill foirne araon ar a suaimhneas i mBaile an Guinness.

Ar feadh 250 bliain, tá cáil ar Guinness mar gheall ar an aitheantas a thugann sé dá dhaoine. Ní stopann an traidisiún seo de leas fostaithe ag an Guinness Storehouse. Ó tháing sé i bhfeidhm i 2000, d'infheistigh an Guinness Storehouse go mór i dtimpeallacht oibre iontach a chruthú dá bhfostaithe go léir le béim curtha ar fhorbairt phearsanta agus ar chultúr a chruthú ina mothaíonn na daoine go bhfuil tacaíocht acu agus go bhfuil ardmheas orthu. An bhfuil tú ag iarraidh gairm bheatha a fhás agus a neartú le ceann de na fostóirí is fearr in Éirinn? Le haghaidh tuilleadh eolais agus chun na folúntais is déanaí a fháil amach, tabhair cuairt ar seo.