Guinness Storehouse Logo
Close

Féile Idirnáisiúnta an Leanna Dhuibh, 2019

Déardaoin go Dé Domhnaigh, 7 go 10 Samhain 2019

Is é 7 Samhain 2019 Lá Idirnáisiúnta an Leanna Dhuibh – lá a ndéantar ceiliúradh ar an mbraon braiche dorcha a bhfuil clú air anois ar fud an domhain.

Beimid i mbun a cheiliúrtha anseo i gcroílár Guinness – grúdaire an leanna dhuibh – le linn Fhéile Idirnáisiúnta an Leanna Dhuibh. Smaoinigh ar chuairt a thabhairt orainn le linn na féile ceithre lá sin!

Ó Déardaoin 7 Samhain go Dé Domhnaigh 10 Samhain 2019, beimid i mbun ceiliúrtha a dhéanamh ar an sárphionta Guinness. Ina theannta sin, cuirfear cineálacha nua leannta dubha faoi bhráid na gcuairteoirí mar aon le bia blasta ina n-úsáidtear an leann dubh mar chomhábhar ann. Beidh bannaí ceoil Éireannacha den chéad scoth ag casadh beo sa Storehouse mar chuid den fhéile freisin.

An rud is fearr ar fad - cuirfear an méid sin san áireamh le do ghnáththicéad iontrála!

Stair agus Todhchaí an Leanna Dhuibh

Agus tú ag tabhairt cuairte ar an Guinness Storehouse, cuirfear fáilte romhat an Guinness tarraingthe clasaiceach – an leann dubh is mó a bhfuil éileamh air ar domhan anois – a bhlaiseadh.

Agus iad ag súil go mór le Féile Idirnáisiúnta an Leanna Dhuibh, tá ár bhfoireann sárghrúdairí i mbun cineálacha nua corraitheacha beorach a chruthú agus cuirfear samplaí díobh ar fáil i rith na féile. Bí coinne agat leis an rud nach bhfuil aon súil agat leis! Téann na comhábhair nua is na blasanna comhaimseartha i bhfeidhm ar ár gcineálacha iontacha nua den leann dubh.

Blasanna Dúshlánacha

Ní hamháin gur féidir sult a bhaint as an leann dubh i ngloine. Oibríonn láidreacht bhraiche an leanna dhuibh mar chomhábhar ar leith agus beimid ag iarraidh é sin a chur in iúl duit.

Toisc nach bhfuil slí níos fearr ann chun meas a bheith agat air sin ná é a bhlaiseadh tú féin – beidh ceann de na roghanna speisialta ó chistin iomráiteach an Storehouse á chur ar an mbord againn ann – bradán deataithe a dhubhaítear le Guinness. Cuirfimid canapés den bhradán milis braiche seo ar fáil saor in aisce, in éineacht le cáis uachtair ina bhfuil feamainn ar arán donn. Beidh sé sin san áireamh le do ghnáththicéad iontrála don Storehouse.

Coinnigh súil amach dár dtob-ionaid ag a mbeidh an sócamas blasta seo á chur ar fáil againn ar bhuille na huaire!

Ceol agus Siamsaíocht

Ní ceiliúradh é gan ceol agus beidh rogha is togha an cheoil nua-aimseartha agus thraidisiúnta á sheinm anseo sa Storehouse. Beidh tob-ghrúpaí i mbun an cheoil i rith na féile ceithre lá seo.

Ná caill an ceiliúradh! Déan cinnte go gcuireann tú ticéad in áirithe do thuras idir Déardaoin agus Dé Domhnaigh, 7 go 10 Samhain 2019, chun sláinte a ól agus ceiliúradh a dhéanamh ar Lá Idirnáisiúnta an Leanna Dhuibh!

Déan ceiliúradh ar Fhéile Idirnáisiúnta an Leanna Dhuibh le Turas Treoraithe ag an Guinness Storehouse
Úsáidimid fianáin agus teicneolaíochtaí comhchosúla chun d’eispéireas a feabhsú agus a phearsantú faoi mar a gcuirtear síos air inár bhFógra Príobháideachais agus Fianán. Trí leanúint ag brabhsáil, tugann tú toiliú i leith na húsáide sin.