Guinness Storehouse Logo
Close

An Guinness STOUTie - D’aghaidh Féin ar Phionta!

An dóigh is fearr le do phionta a shaincheapadh duit féin.

content content

B’fhéidir go raibh Guinness agat roimhe, ach an ndearnadh ceann a phriontáil duit le d’fhéinín air riamh? Déan pionta de do phiontasa a choinneoidh tú cuimhne air ag Stóras Guinness Baile Átha Cliath trí The STOUTie a ordú - pionta foirfe ar a mbeidh d’fhéinín ar cheann an phórtair dhuibh agus bháin.

Sár-ócáid

Is fiú sult a bhaint as gach pionta Guinness, ach is fiú The STOUTie a chomhroinnt chomh maith. Is féidir le cuairteoirí chuig Stóras Guinness triail a bhaint as The STOUTie - pionta foirfe Guinness agus d’fhéinín priontáilte ar an gceann. I bhfíorsprid na nuálaíochta, sáraíonn The STOUTie na teorainneacha, ag baint úsáid as teicneolaíocht chun úsc braiche nádúrtha a chur ar bharr gach pionta Guinness chun an dearadh roghnaithe a chruthú.

Do phiontasa, do bhealachsa

Bealach ceannródaíoch chun sult a bhaint as de dheoch, leanann The STOUTie le traidisiún bródúil Guinness de nuálaíocht agus de thurgnamh “Tá ceann uachtarúil íocónach Guinness ina chanbhás foirfe le haghaidh The STOUTie,” a deir Stephen Kilcullen, Ceann na Cáilíochta agus an Máistirghrúdaire. “Agus cá háit eile an ngeofá eispéireas an phionta fhoirfe seo ach amháin ag Stóras Guinness?”

Ar fáil anois ag Stóras Guinness, Baile Átha Cliath. Is féidir le cuairteoirí a STOUTie a cheannach ar €6.50 mar bhreiseán lena dticéad.

Úsáidimid fianáin agus teicneolaíochtaí comhchosúla chun d’eispéireas a feabhsú agus a phearsantú faoi mar a gcuirtear síos air inár bhFógra Príobháideachais agus Fianán. Trí leanúint ag brabhsáil, tugann tú toiliú i leith na húsáide sin.